What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 18 Feabh 2022
Am: Doirse @ 7:30pm
Costas: £15 (BYO)

Le meascán iontach d'fhidil eicléictiúil agus ceol giotáir, tugann Zoë Conway agus John Mc Intyre réimse ceoil thraidisiúnta, cumadóireachta agus amhráin idir shean agus nua chun stáitse. Tá an cumas neamhchoitianta ag an bheirt phósta seo tarraingt ar sheánraí eile ar nós an cheoil chlasacaigh, an tsnagcheoil agus an cheoil dhomhanda ar bhealach a léiríonn réimse agus saineolas uirlise na gceoltóirí.

Fuair a gcéad albam dar teideal ‘Go Mairir i bhFad’, cúig réalta ón nuachtán náisiúnta, The Irish Times. Don albam ar leith seo, choimisiúnaigh siad dhá chumadóir déag mór le rá le píosa an duine a chumadh do Zoë agus John, don fhidil agus don ghiotár, le léiriú a thabhairt ar cheol traidisiúnta na hÉireann sa lá atá inniu ann. I measc na gcumadóirí iomráiteach a bhí páirteach ann, bhí Liz Carroll, Steve Cooney, Frankie Gavin, Andy Irvine, Charlie Lennon, Donal Lunny, Máirtín O’Connor, Peadar Ó Riada, Mícheál Ó Súilleabháin, Tommy Peoples, Niall Vallely agus Bill Whelan.

Thaifead an dís  ar fhuaimrianta scannáin mhóréilimh lena n-áirítear ‘Finding You’ (Red Sky Studio 2021), ‘Riverdance The Animated Adventure’ (Universal 2021), agus thaifead Zoë ar ‘Float Like A Butterfly’ (Samson Films 2018)  a bhfuil gradaim buaite aige chomh maith le hArtemis Fowl (Disney 2020).

Tá Zoë agus John ag comhoibriú le cúig bliana anuas leis an amhránaí Albanach Julie Fowlis agus an seinnteoir bouzouki a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Éamon Doorley, an bheirt acu lonnaithe in Inbhir Nis in Albain. Tá ‘Allt’ á chur amach ag taifead úrnua d’amhráin agus foinn nuachumtha, agus is buaic é tionscadal cumadóireachta atá spreagtha ag filíocht Ghaelach na hAlban agus na hÉireann, idir shean agus nua. Mothúchánach agus cumhachtach, bronnadh cúig réalta ó Songlines UK ar a n-albam, atá liostaithe mar "ceann d'albaim na bliana" ón Irish Times, agus ar chuir Folk Radio UK síos air mar "clasaic nua-aimseartha". Tá an "awesome foursome" ag obair ar a gcéad albam eile faoi láthair agus, mar sin de, coinnigh súil ar an spás seo!

Tá cur síos déanta ar Zoë Conway agus John Mc Intyre mar cheann de na dísréid ceol tíre is fearr ar an phláinéad (BBC), agus leanann lucht féachana in Éirinn agus níos faide i gcéin orthu ag filleadh le haghaidh níos mó uathu. Sheinn siad do réaltaí rac-cheoil, milliúnaithe agus piardaí lena n-airítear iar-Uachtaráin na hÉireann, Mary Mc Aleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Bronnadh an Seó Beo is Fearr ó Balcony TV, chainéal mór le rá ar YouTube agus tá níos mó ná leathmhilliún radhairc faighte ar líne acu.

 

"An ceol is binne agus is cruinne dar chuala mé riamh."