What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 31 Márta 2022
Am:

Clár il-Ealaíon do chách

 

Tá bliain aisteach, dhúshlánach imithe uainn agus ceiliúradh na Nollag faoi cheo na cuimhne, ach níor chóir go gcuirfeadh sé sin lagmhisneach orainn óir tá neart imeachtaí agus siamsaíochta beartaithe againn le féile Imbolc a cheiliúradh agus le fáilte a chur roimh thús an Earraigh.

 

Beannaímid don Ghrian i ndiaidh an gheimhridh fhada dhorcha agus tá sé in am againn ár ndea-rúin a fhíorú, mar shampla filleadh ar ranganna Gaeilge, mar a gheall tú duit féin, nó triail a bhaint as ióga den chéad uair. Beidh ár scoil drámaíochta ar ais, Aisling Óg d'aisteoirí óga chomh maith leis na Bopóga lán de rainn agus amhráin do leanaí agus tachráin óga. Déanaimid an féilire Ceilteach a cheiliúradh agus cuirfidh ceardlann Crosóga Bhríde tús oifigiúil le hImbolc. Ar a bharr sin, tá muid ag súil go mór le scoth an cheoil idir Chlann Mhic Corraidh agus dóibh siúd ar suim leo na hamharcealaíona, beidh ceithre thaispeántas nua againn ag ornú Dhánlann Dillon agus na mBallaí Bána. Is cuma cén aois thú, tá rud éigin sa chlár seo duit.

 

Arsa Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:

 

 

Gach uair a thógann ealaíontóir scuab, a chuireann scríbhneoir peann le páipéar nó dá dtéann ceoltóir nó aisteoir ar ardán, saolaítear rud éigin úr. Rud éigin a ardaíonn ár meanma agus a chruthaíonn domhan níos gile, suimiúla, spreagúla, daite. Rud éigin cumhachtach ina gceiliúrtar an saol agus is féidir a chomhroinnt le cách. Nó lena rá ar dhóigh eile: fáilte go Clár na Bliana Úire sa Chultúrlann!

 

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne:

 

Go luath i mí Feabhra chífidh cuairteoirí ar an Cheathrú Ghaeltachta réad suntasach gorm ar an bhealach isteach chun na Cultúrlainne a chuirfeadh peireascóp ar fhomhuireán i gcuimhne duit. Júcbhosca filíochta atá ann agus beidh sé chugainn tráth a mbeidh aird an phobail ar Bhríd, éarlamh Críostaí agus bandia na filíochta in Éirinn. Tá ceiliúradh á dhéanamh againn ar dhánta, rainn agus véarsaí le filí as fud fad na tíre mar chuid de thionscnamh i gcomhar le Quotidian, eagras a chuireann an litríocht chun cinn i spásanna poiblí.

Tá clár imeachtaí ar fáil anseo