What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 7 Beal 2022
Am: 1:00pm - 3:00pm
Costas: £30

Gach Satharn idir 1:00pm agus 3:00pm 22|01|22 - 07|05|22

Beidh scoil drámaíochta na Cultúrlainne ‘Aisling Óg’ ag tosú ar ais agus tá muid ar bís! Seo deis iontach le cur le muinín agus le scileanna cumarsáide agus aisteoireachta páistí óga ó Rang 1 ar aghaidh chomh maith le bualadh le cairde nua agus spraoi a bheith acu. Déanann muid gach gné de na healaíona a thaiscéaladh - damhsa, ealaín, ceol agus drámaíocht ina measc, le clár spreagúil bríomhar a chomhlíonadh. Bíonn seó againn ag deireadh an téarma lenár gcuid oibre crua a chur ar taispeáint.