What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 13 DFómh 2022
Dáta: 2 Déar 24 Samh 2022
Am: 9:00am - 5:00pm

Is mór an onóir dúinn gach bliain cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí óga díograiseacha Choláiste Feirste a gcuid ealaíne a chur ar taispeáint i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tugann an taispeántas seo spléachadh dúinn ar shaol na n-óg sa cheantar agus ar na hábhair is mó atá mar inspioráid ag na hógánaigh seo. Is ócáid bhliantúil anois é an taispeántas seo a thugann ardán don tallann iontach atá i ranganna ealaíne Choláiste Feirste. Beidh píosaí ealaíne ó scoláirí A-Leibhéil agus TGMO ar taispeáint sa Dánlann agus ardchaighdeán oibre le feiceáil i meáin éagsúla Tá lúcháir orainn ceiliúradh a dhéanamh ar chumas ealaíne ar leith an phobail seo agus na healaíontóirí óga atá ag dul i gcrann. Tá an taispeántas seo tiomnaithe do Nóirín Uí Chléirigh, ealaíontóir, iar-mhúinteoir ealaíne Choláiste Feirste, cara mór de chuid na Cultúrlainne agus Gael go smior.