What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 20 Beal 2022
Am: 1:00pm

Seoladh | Launch: Scéalta ón bPalaistín le Dr Eithne O’Connell Scéalaíocht, Ceol agus Soláistí

Bí linn do sheoladh an leabhair ghalánta do pháistí, Scéalta ón bPalaistín, le seacht scéal ón Phalaistín a aistríodh ó Araibis go Gaeilge. Scéalta ón bPalaistín sean agus nua is teideal don leabhar atá curtha ar fáil ag Tionscnamh Leabhar Noor Ash Shams, comhthionscadal idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Birzeit ar an Bhruach Thiar. Cuireadh tús le Tionscnamh Leabhar Noor Ash Shams in 2014 agus é mar aidhm leis leabhair do pháistí in Araibis agus i nGaeilge a fhoilsiú agus a dháileadh ar léitheoirí óga in Éirinn agus sa Phalaistín le go mbeadh tuiscint acu ar chultúr a chéile.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an nasc seo, agus má scrollaíonn tú síos go dtí an bun tiocfaidh sibh ar pdf den leabhar a bheas muid ag seoladh.