What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 30 Meith 2022
Am:

 

Tá muid ag cur fáilte mhór roimh aimsir na Bealtaine. Tá na laethanta ag iarraidh níos faide agus i comparáid leis an bhliain anuraidh, tá clár s’againne i ndiaidh a fhás chomh maith. Tá lúchair orainn a rá go mbeidh neart imeachtaí agus siamsaíochta fíorúla beartaithe againn leis an fhéile a cheiliúradh agus le fáilte a chur roimh fhás, roimh thorthúlacht agus roimh an tséasúir.

Le srianta na pandéime beagnach curtha dínn, is bliain mhór í 2022 do mhuintir agus do phobal na Cultúrlainne agus muid ag dul i ngleic leis an ionad ealaín bheith oscailte agus le daoine a fháiltiú isteach arís.

Chuir an Seoladh leabhair: ‘Bone and Marrow | Cnámh agus Smior’ le Samuel K. Fisher agus Brian Ó Conchubhair tús iontach le Clár na Bealtaine ar a 2/4. Do na daoine óga beidh Na Bopóga, Cumann Óige na bhFál agus Aisling Óg agus don chuid eile don phobail beidh meascán de ranganna úra Gaeilge, clár Bladhaire le hÁine Ní Bhreisleáin, Seoladh Albaim le Kevin Meehan agus neart eile! Níl scríofa anseo ach blaiseadh, amharcaigí ar an chlár thíos leis an rud iomlán a fheiceáil.

Arsa Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon an Tuaiscirt

Bhí an Chultúrlann ar fáil dúinn i rith na paindéime, ag freastal ar na healaíona agus ar an phobal i gcoitinne, agus tá sí ag saothrú dúinn go fóill, agus í ag soláthar ar rud atá go díreach de dhíth ar gach duine, le clár spreagúil na Bealtaine: blaiseadh beag an-tráthúil den inspioráid chruthaitheach! Mar phríomh-mhaoinitheoir na Cultúrlainne trí chistí an Chrannchuir Náisiúnta, is ábhar bróid don Chomhairle Ealaíon bheith in ann tacú leis an Chultúrlann..

Dúirt Gráinne Ní Ghilín - Stiúrthóir na Cultúrlainne

Mol an óige agus tiocfaidh sí! Tá foirgneamh na Cultúrlainne 125 bliain ar an fhód agus bíonn súil chun cinn i gcónaí againn lena chinntiú go mbeidh sé ina áis luachmhar don phobal go ceann na mblianta fada. Tá neart eile le fáil sa chlár istigh agus táimid ag súil go mór le d’fheiceáil go luath!

Clár Iomlán Anseo

Nótaí

Is ionad Gaeilge agus ealaíon é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bíonn clár imeachtaí bríomhar ag an Chultúrlann gach séasúr a chuimsíonn drámaíocht, ceol, imeachtaí óige agus imeachtaí pobail agus teaghlaigh.

Faigheann Cultúrlann McAdam Ó Fiaich maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, an Roinn Pobal, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta, Ciste Infheistíochta na Gaeilge agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Is féidir teacht ar chlár ár n-imeachtaí ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta agus www.culturlann.ie