What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 5 Beal 2022
Am: 7:00pm

Seoladh: 05|05|22 @ 7pm Cuirfear sólaistí ar fáil

Ar Chúl na Súile

Taispeántas le Lucy Moyes

Cíorann an taispeántas seo cruthanna agus an gaol idir an tinneas, an nádúr agus an staid dhaonna.

Ina cuid saothair le déanaí, baineann Lucy úsáid as meascáin de mharcanna cúlcúiseacha i gcodarsnacht le foirmíochtaí láidre teibí, rud a chruthaíonn teanga fhisiúil ar leith a bhfuil tionchar a heispéiris féin agus na timpeallachta seachtraí uirthi.

Oibríonn Lucy go hiomasach, ag baint úsáid as a líníochtaí mar thúsphointe cruthaitheachta. Nuair a chuirtear na líníochtaí sin le chéile, cuidíonn siad le Lucy na tionchair éagsúla a théann i bhfeidhm ar a chuid déanta priontaí a shamhail agus teacht isteach orthu.

Ina cuid saothair, tá flúirse de chruthanna orgánacha, marcanna géara bríomhara, uigeacht fhíneálta agus rithimí, chomh maith le foirmíochtaí ar leith a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad in achrann agus ag réiteach lena chéile ag an am céanna.

Úsáideann Lucy raon teicnicí déanta priontaí le torthaí inmhianaithe a bhaint amach ach, mar sin féin, glacann sí le torthaí neamhbheartaithe agus úsáideann sí iad lena cuid saothair a oiriúnú agus a chomhtháthú.

Is ealaíontóir áitiúl í Lucy a rinne staidéar ar an Mhínealaín i nDéanamh Priontaí agus a bhain céim amach ina leith in Ollscoil Uladh. Ó shin i leith, tá Lucy ina ball sa Belfast Print Workshop agus is ealaíontóir í ag Muileann Mhic Con Midhe. Is ealaíontóir í a bhfuil gradaim buaite aici agus cuireadh saothar dá cuid ar taispeántas i dtíortha lena n-áirítear an Ghréig, an tSín agus an tSeapáin agus bhí saothar s’aici mar chuid de bhailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha araon.