Dáta: Déar 31 Márta 2022 |
Am: |
Cad é mar a insíonn tú scéal trí mheán an cheoil? Chuir an t-údar Máire Zepf ceist ar a cuid cairde i gCeolfhoireann Uladh lena fháil amach. Ar dtús, chum na ceoltóirí Ralph Tartaglia agus Jonathan Simmance píosa ceoil le scéal ‘Rita agus an Róbat’ (scríofa ag Máire agus maisithe ag Andrew Whitson) a insint.
Ina dhiaidh sin, áfach, seal na bpáistí a bhí ann agus b’iontach is b’éagsúil na scéalta, i nGaeilge agus i mBéarla, agus na pictiúir a cuireadh chuig Máire don togra seo. Is iad na buaiteoirí Mimi Page (8) agus Canice Doran (5), beirt scríbhneoirí óga thallannacha a scríobh agus a mhaisigh a scéalta féin. Bhain Mimi agus Canice an-sult go deo as a scéalta a athinsint le tionlacan ceoil sainchumtha le Jonathan Simmance agus Megan Royce de chuid Cheolfhoireann Uladh.
Dar leis an údár Máire Zepf:
"Samhlaíocht na bpáistí a bhí mar thúsphointe an tionscnaimh seo. Ba phribhléid mhór a gcuid scéalta agus pictiúr a chur i láthair cheoltóirí na ceolfhoirne, agus bhí sé suimiúil agus sásúil feiceáil an dóigh ar spreag cruthaitheacht na bpáistí na píosaí ceoil fíorspeisialta seo."
Seoladh na físeáin áille cheolmhara ar leathanach Facebook agus YouTube na Cultúrlainne. Seo iad na scéalta aláinn, An Crann Bíol le Mimi Page agus The Octopus & the Key le Canice Doran.
Is comhthionscnamh é seo idir Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Ceolfhoireann Uladh agus Quotidian – Word on the Street, le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.