What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 7 Lún 2021
Am: 1pm-1:45pm

07/08/21  Caoimhe Ní Chathail, Frank Cassidy & Johnny Murphy

Tá Coirnéal an Cheoil den scoth beartaithe againn le ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile an Phobail. Beidh triúr ceoltóirí tíre galánta linn – an t-amhránaí Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, an píobaire, giotáraí agus seinnteoir basúcaí Frank Cassidy agus an fhidléir iomráiteach Johnny Murphy.

 

14/08/21  Rónán Ó Snodaigh

Tá muid ar bís go mbeidh Rónán Ó Snodaigh i gceannas ar Choirnéal an Cheoil sa Chultúrlann ar an dara Satharn d’Fhéile an Phobail. Is duine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil iomráitigh ‘Kíla’ é Rónán. Tógadh Rónán le Gaeilge i dteaghlach ceoil, agus tá sé aitheanta mar dhuine de na seinnteoirí bodhráin is fearr agus is nuálaí in Éirinn; agus is amhránaí, cumadóir amhrán agus file ceannródaíoch é.

Facebook: CultúrlannMcAdamÓFiaich