What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 17 Iúil 2021
Am: 1pm-1:45pm

Bígí linn achan Satharn nuair a chraolfar beo scoth an cheoil thraidisiúnta ó shárcheoltóirí agus sháramhránaithe ar ár leathanach Facebook.

17/07/21 Clann Mhic Bhrádaigh

Clann Mhic Bhrádaigh Beidh Kieran Brady agus a theaghlach a bhfuil féith an cheoil go smior iontu linn i gCoirnéal an Cheoil. Tógadh Kieran i mBéal Feirste cois cuain, i dteaghlach thar a bheith ceolmhar agus ní hiontas ar bith é go bhfuil sé ag seinm ceoil ó bhí sé an-óg. Seinneann Kieran raon mór uirlisí agus is cuid de dhlúth is d’inneach phobal an cheoil thraidisiúnta i mBéal Feirste é

 

 

24/07/21 Bernadette Morris

Is amhránaí de bhunadh Thír Eoghain í Bernadette Morris a bhfuil a ceird freamhaithe sa traidisiún agus a bhfuil a lorg féin fágtha aici ar leabhar mór amhráin na hÉireann. Téann Bernadette go mór i bhfeidhm ar lucht féachana sa bhaile agus níos faide i gcéin lena cur chuige úr ar amhráin tíre thraidisiúnta na hÉireann.

 

 

31/07/21 An Chéad Ghlúin Eile 

Cuimsíonn An Chéad Ghlúin Eile na deirfiúracha ceolmhara Étain agus Máire Ní Churraoin as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí. Aithnítear An Chéad Ghlúin Eile ó chlár TG4, Réalta agus Gaolta, ina mbítear ag cuardach fud fad na tíre leis an teaghlach is fearr ceoil a aimsiú.

Facebook: CulturlannMcAdamÓFiaich