Dáta: Céad 2 Noll 2020 |
Am: 7.00pm |
Beidh cuma dhifriúil ar sheoladh Fhleadh Feirste i mbliana agus é á dhéanamh againn ar bhonn fíorúil ach mar sin féin, cuirfear tús spleodrach leis an Fhleadh.
Cluinfidh muid ónár gcomhpháirtithe agus beidh go leor imeachtaí iontacha ag titim amach agus gheobhaidh muid blaiseadh den cheol agus den na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl againn ag an deireadh seachtaine. Ní thiocfadh linn féile Nollag na Ceathrún Gaeltachta a bheith againn gan lasadh oifigiúil shoilse na Nollag agus beidh aoi speisialta linn chun iad a chur ar siúl.
Is é seo tús ceart na Fleidhe agus an Cheathrú Ghaeltachta faoi sholas agus faoi fhonn spraoi na Nollag.