What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 7 Márta 2020
Am: 1:00in-2:00in
Costas: Soarchead

Agus muid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan, is cloch chuimhne chuí é amharc siar ar scéal Mhaighréad Nic Mhaicín (1899-1983) agus beidh an tOllamh Fionntán de Brún linn le cur síos ar shaol na mná éirimiúla cróga seo nach bhfuil a scéal ina iomláine ar eolas againn go fóill. Fite fuaite sa chaint, beidh glór binn Róise Nic Corraidh le cluinstin.

Agus í ina déagóir, roimh aimsir an chéad chogaidh dhomhanda, cuireadh Maighréad Nic Mhaicín ag obair i muileann ar Bhóthar na bhFál. Scríobh sí gearrscéal dar teideal ‘An Scilling’ inar chuir sí síos ar dhála na n-oibrithe sa mhuileann. Ach níor fhan sí féin sa mhuileann, is é rud a chuaigh sí le foghlaim teangacha – chaith sí cuid de bhlianta coscracha na 1930idí ag obair mar aistritheoir i Moscó agus d’aistrigh sí go leor de shaothar na mórúdar Rúiseach go Gaeilge don Ghúm. Ba sa Rúis a fuair a fear céile bás i gcampa géibhinn de chuid Stailín.