Dáta: Domh 29 Márta 2020 |
Am: 10:00rn-4:00in |
Costas: £15.00 |
Fáilte – Fàilte – Failt – Croeso – Dynnargh – Degemer Mat! Blaschúrsa difriúil a bheas ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid den Belfast Festival of Learning 2020, i gcomhar leis an ghrúpa nuabhunaithe, ‘Carrraig’. Tabharfaidh an cúrsa lae seo duit do chéad bhlaiseadh ar na cúig theanga Cheilteacha eile. Beidh deis ag foghlaimeoirí beannachtaí agus frásaí coitianta i nGaeilge na hAlban, sa Mhanainnis, sa Bhreatnais, sa Choirnis agus sa Bhriotáinis a fhoghlaim. Caithfear uair an chloig ar staidéar gach teanga faoi seach.
*Uasmhéid 20 duine*
Lón éadrom san áireamh
Clárú: Ní mór duit spás a chuir in áirithe le Fionnuala ag fionnuala@culturlann.ie
Fad an Imeachta: | 10:00rn-16:00in | Am Tosaigh | 10:00rn |