What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Sath 7 Márta 2020
Dáta: 2 Domh 8 Márta 2020
Am: Satharn 2.30in & Domhnach 3.00in
Costas: £5.00

Is seanscéal é Mír agus Éadaoin atá á insint in Éirinn le breis mhaith is míle bliain anuas. Scéal álainn atá ann ina n-iompaítear Éadaoin ina féilecán chun í a scaradh óna grá geal, Mír. Athinsint don 21ú céad atá anseo i bhfoirm focal (an t-údar Máire Zepf), damhsa (an cóiréagrafaí Clara Kerr) agus ealaíne (an maisitheoir Shona Shirley Macdonald). Beidh idir óg agus aosta faoi gheasa ag an seó draíochtúil teaghlaigh seo.