What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 30 DFómh 2020
Am: 8.30pm

Is cuid de thraidisiún ársa réamh- Chríostaí na gCeilteach í Féile na Samhna. Is ag an am seo, leath bealaigh idir cónocht an fhómhair agus grianstad an gheimhridh a cheiliúrtar séasúr an fhómhair agus a fhógraítear tús an gheimhridh agus na leithe dorcha den bhliain. Creid- tear go mbristear na bacainní idir an domhan fisiciúil agus an domhan spioradálta i rith na Samhna, rud a fhágann go mbíonn níos mó idirgh- níomhaíochta idir daoine daonna agus an Saol Eile ag an am sin. Bígí linn leis an tSamhain a cheiliúradh le plúr an cheoil agus an tseanchais thraidisiúnta a bhuí le Music in the Glen & Cleamairí Feirste!

Music in the Glen

Cumasc tallainne an triúir seo – Brendan Mulholland ar an fheadóg mhór, Conor Lamb ar an phíb uilleann agus Deirdre Galway ar an ghiotár – a chruthaíonn an rithim agus an t-anam ar leith atá de dhlúth is d’inneach cheol na hÉireann.

 

 

Cleamairí Feirste

Déanann Cleamairí Feirste an traidisiún cleamaireachta dúchasach a chur chun cinn. Fríd an tseanchas agus an cheol, déanann Cleamairí Feirste na féilte Ceilteacha a cheiliúradh agus na deasgnátha ársa a choinneáil beo. Tá siad bródúil as traidisiún na gcleamairí agus lucht an dreoilín a leanstan agus a chur chun cinn i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin agus is cinnte go ndéanfaidh siad léiriú spleodrach mar chuid de cheiliúradh na Samhna againn.