What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 29 Feabh 2020
Am: 1.00in
Costas: Saorchead

Agus muid ag ceiliúradh Fhéile Imbolc, cuireann sé lúcháir orainn go mbeidh Ériu anseo againn leis an albam is úire leo, Maidin Fhómhair, a sheoladh. San albam seo, tarraingíonn siad le chéile traidisiún saibhir na hÉireann agus ceol na hEorpa, mar aon le heilimintí den snagcheol, le fuaim shaibhir álainn a chruthú, a mheallfaidh an lucht éisteachta gan amhras.

Is ionann Ériu agus an t-amhránaí Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, an píobaire, seinneadóir basúcaí, feadóga agus amhránaí, Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh agus seinneadóir giotar agus basúcaí Frank Cassidy.

Tháinig Ériu le chéile i 2016 nuair a thóg Jaff a bheirt cairde, Caoimhe agus Frank le chéile le giota ceoil a bhualadh agus i bhfáiteadh na súl tháinig stór mór amhrán agus fonn chun tosaigh a raibh suim ag Frank tionlacán a chur leo.

As sin, d’eascair deiseanna ceol a chur i láthair stáitse, agus ba léir go raibh rachairt ar an mhéid a bhí ar siúl acu. Tá gigeanna déanta acu anois i gcuid mhór áiteanna mar shampla Electric Picnic, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Cúrsaí Oideas Gael agus go leor eile.

Buaicphointe an bhanna go dtí seo ná bheith ag tabhairt tacaíochta de cheoltóirí iontacha ar nós ZODOMO – Zoe Conway, Dónal Lunny agus Máirtín Ó Connor, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal Ó Connor agus Gerry O Beirne agus John Spillane agus ar ndóigh an t-albam seo a eisiúint!

Tá ocht rian ar Maidin Fhómhair agus is léiriú é den réimse leathan stíleanna a bhfuil Ériu ábalta freastal a dhéanamh orthu agus a nascadh le ceol traidisiúnta. Is fíormheascán é an dlúthdhiosca seo de cheol traidisiúnta agus amhráin idirnáisiúnta aistrithe go Gaeilge.

Rinneadh taifead ar an albam i mBéal Feirste ag Dermot Rooney a thaifead, a mheasc agus a léirigh an ceol agus is cinnte gur eisean ‘George Martin’ mar a bhí ag The Beatles!

www.eriumusic.com