What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 21 Feabh 2020
Am: 1.00in-2.00in
Costas: Saorchead/ Ní mhór duit spás a chuir in áirithe

Bígí linn ar an turas spleodrach, ceolmhar seo sa spás amuigh ina bhfoghlaimeoidh páistí amhráin agus damhsaí úra. Tá an tUas. Polcaphonc tar éis leaindeáil ón phláinéid Polcaphonc agus tá a chuid polcaphoncanna caillte aige. Má chuidíonn sibh leis iad a chuardú buailfidh sibh leis an uile chineál carachtar aisteach agus iontach amhail an damhán alla santach, Plúitín agus Plúiteog - an Bradán agus an Scadán srl., agus míneoidh an tUas. Polcaphonc dúinn faoin dóigh is fearr an timpeallacht a shábháil. Beidh an Captaen Doimnic Mac Giolla Bhríde ag tiomáint an spásárthaigh seo agus é lena chairde ceolmhara, agus bí cinnte go mbeidh seó thar barr ar fad ann. Aois 5-11.