What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 25 Ean 2020
Am: 1.00in-3.00in
Costas: £50.00 an páiste, £90.00 do bheirt agus £120.00 do thriúr nó níos mó ón aon teaghlach amháin

Beidh scoil drámaíochta na Cultúrlainne ‘Aisling Óg’ ag toiseacht ar ais an 25 Eanáir ó 1:00pm - 3:00pm. Seo deis iontach le cur le muinín agus le scileanna cumarsáide agus aisteoireachta páistí óga ó Rang 1 ar aghaidh chomh mhaith le bualadh le cairde nua agus spraoi a bheith acu. Déanann muid gach gné de na healaíona a thaiscéaladh, damhsa, ealaín, ceol agus drámaíocht ina measc, le clár spreagúil bríomhar a chomhlíonadh. Bíonn seó againn ag deireadh an téarma lenár gcuid oibre crua a thaispeáint

Déan teagmháil le Sinéad ag sinead@culturlann.ie le clárú