What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 27 Samh 2020
Am:

Beidh 30 bliain ann in 2021 ó bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus mar thús leis an cheiliúradh beidh taispeántas spéisiúil againn le rogha den saothar atá i mbailiúchán na Cultúrlainne féin.

De ghnáth, bíonn na píosaí ealaíne seo ar bhallaí na seomraí ranga agus na staighrí agus ní bhíonn deis ag na cuairteoirí uile a thagann anseo iad a fheiceáil. Tá siad tugtha le chéile i nDánlann Dillon anois, áfach, ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint astu.

Tá pictiúir, líníochtaí agus priontaí ann a cheannaigh an Chultúrlann, nó a deonaíodh dúinn thar na blianta. Tá saothar ann le cuid de na healaíontóirí is aitheanta in Éirinn, aos ealaíne Bhéal Feirste ina measc.

01/10/20 – 27/11/20