Dáta: Aoine 17 Aib 2020 |
Am: |
Tá muid thar bheith sásta an comórtas gearrscéalta seo a chur faoi bhráid ár bpáistí agus daoine óga. Tá súil againn go gcruthaíonn an comórtas deis daoibh dul i mbun pinn agus cruthaitheacht do shámlaíocht a scaoileamh saor sa thréimhse seo.
Is é ‘Cairdeas agus Pobal’ téama an chéad chomórtas gearrscéalta trí Ghaeilge seo ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Tá uasmhéid 300 focal ceadaithe do ghach scéal.
Caithfear an scéal a bheith faighte faoin spriocdháta, Aoine 17 Aibreán, 2020.
Is iad Máire Zepf agus Áine Nic Gearailt moltoirí an chomórtais 6 – 10 bliain d’aois.
Is iad an tOllamh Fionntán de Brún agus Gráinne Ní Ghilín moltóirí an chomórtais 11 – 14 bliain d’aois.
Roghnófar agus foilseofar na buaiteoirí sin ar shuíomh gréasáin Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ar na meáin shóisialta.
Do thuilleadh eolais nó pacáiste iontrála, gabh i dteagmháil le:
Don rannóg 6 – 10 bliain d’aois: sinead@culturlann.ie
Don rannóg 11 – 14 bliain d’aois: bronagh@culturlann.ie