What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 7 Samh 2019
Dáta: 2 Luan 6 Ean 2020
Am: Gnáth-amanna oscailte
Costas: Saor in aisce

An t-amharc-ealaíontóir Lise McGreevy, bhíodh sí ina fóta-iriseoir agus sa taispeántas seo, léiríonn a cuid grianghraf tithe a tréigeadh i dTír Chonaill. Roghnaigh McGreevy an ceantar sin mar gheall ar a shuíomh ar leith – ó thuaidh ó thaobh na tíreolaíochta de ach faoi dhlínse an rialtais ó dheas, agus é ionadaíoch dá réir ar dhá thaobh na teorann. Léiriú ar ár dteangacha, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht iad na tithe tréigthe sin agus fiafraítear dínn “an bhfuil siad siúd tréigthe againn mar gheall ar an scoilt pholaitiúil anseo?” An cumadóir ceoil Marie Therese Davis, an file Jim Johnston agus an scannánóir Paul Whittaker, chruthaigh siad saothair bunaithe ar ghrianghraif McGreevy. Taispeánfar saothar Davis agus Johnston leis an taispeántas seo.

Tá fearadh na fáilte romhat chuig seoladh an taispeántais ag 7:00pm, Déardaoin 07/11/2019 i nDánlann Dillon. Beidh sólaistí ar fáil.