What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Céad 27 Samh 2019
Dáta: 2 Déar 28 Samh 2019
Dáta: 3 Aoine 29 Samh 2019
Am: 8:00pm
Costas: £12.00 (£10.00 lacáiste)

Tá sé caoga bliain ó bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, nuair a rinne grúpa de lánúineacha óga, a raibh grá acu don Ghaeilge, nuair a rinne siad an socrú cinniúnach an chéad Ghaeltacht uirbeach a bhunú i gcroílár Iarthar Bhéal Feirste. Leanann seó Aisling Ghéar lánúin amháin agus iad ag titim i ngrá, ag pósadh agus ag fíorú a n-aislinge clann a thógáil le Gaeilge agus iad mar chuid de phobal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe. Buailfear le carachtair eile fosta: ceannródaithe, maorlathaithe, iad siúd a chuidigh, agus iad siúd a chuir bac ar dhul chun cinn an phobail uathúil, dhícheallaigh seo.

Maireann an dráma uair agus cúig bhomaite déag gan sos.