Dáta: Sath 7 Noll 2019 |
Am: 2:45pm - 3:15pm |
Costas: Saor in aisce |
Tá Scoil Drámaíochta Aisling Óg ag súil go mór le torthaí ár gcuid oibre crua a léiriú dár gcairde agus dár dteaghlaigh sa seó Nollag seo. Bígí ag dúil le ceol, damhsa agus scéalaíocht. Tá cuireadh oraibh theacht isteach chugainn i ndiaidh cheardlann dheireanach an téarma le sult a bhaint as sárthaispeántas drámaíochta a léireoidh tallanna ár ndaoine óga.
Gradam Sheáin Mhic Sheáin
Bronnfar Gradam Sheáin Mhic Sheáin ar aisteoir óg de chuid Scoil Drámaíochta Aisling Óg le haitheantas a thabhairt dá rannpháirteachas agus don dul chun cinn agus don fhorbairt atá déanta acu go dtí seo. Is mór an onóir dúinn bheith ábalta Gradam Sheáin Mhic Sheáin a bhronnadh ar dhuine óg agus baint nach beag ag Seán le forbairt phobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Tá bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ar cheann de bhuaicphointí forbartha na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste. Tá sé tráthúil go bhfuil pobal bunaithe na Gaeltachta sin ag ceiliúradh 50 bliain i mbliana, 2019. Tá ainm Sheáin, agus ainmneacha daoine eile, luaite le bunú tionscadail phobail ar nós Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Choláiste Feirste. Is aisteoir é agus is é crann taca na n-ealaíon é fosta, agus is iomaí léiriú amharclainne a bhfuil baint nach beag aige leo.
Fad an Imeachta: | 2:45pm - 3:15pm |
Complántas: | Aisling Óg |