What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 7 Noll 2019
Am: 1:00pm
Costas: Saor in aisce

Club Leabhar Choiscéim Feirste

Seolfaidh Gearóid Ó Muilleoir dírbheathaisnéis an Ghaeilgeora agus an Phoblachtánaigh Jake Mac Siacais mar chuid de Fhleadh Feirste 2019.

“Is ar bharr clár adhmaid folcadáin a tháinig mé ar an saol, más fíor don scéal a d’inis mo mháthair domh. Níorbh é an tús ba rathúla ná an tús ba mheasa ach an oiread é. Tús a bhí ann domhsa, áfach, agus ní bhfaigheann tú ach an t-aon cheann amháin sa saol seo, bíodh sé dubh bán nó riabhach. Tús úr do mo tuismitheoirí a bhí ann chomh maith. Is cinnte gur thosaigh mo chéad lá a bheag nó a mhór mar a thosaigh go leor laethanta eile roimhe agus ina dhiaidh.

“Bhí an saol mór ag dul ar aghaidh lena ghnó féin, é go huile agus go hiomlán beag beann orm.”

Is leis na focail seo a thosaíonn scéal Mhic Siacais, a chuimsíonn an tréimhse ó thús na 1960idí agus céad chuimhní an údair go dtí 2019 – tréimhse chorraitheach i saol na hÉireann.

Cuirfear sólaistí ar fáil.