Dáta: Domh 8 Noll 2019 |
Am: 3:00pm |
Costas: Saor in aisce |
Tá Ríta agus an Ninja ar an chúigiú leabhar i sraith Rita, arna foilsiú ag An tSnáthaid Mhór, agus is cinnte go mbeidh seoladh an leabhair seo lán craice, croí agus cíí-aigh do na páistí beaga (agus móra) ar fad. Is cailín beag í Rita a bhfuil smaointe móra aici agus tá sí ag iarraidh bheith ina ninja. Bígí ann le scileanna ninja a thógáil agus le cóip den leabhar úrnua a fháil. Ba í Myra Zepf a scríobh agus ba é Andrew Whitson a mhaisigh.
Am Tosaigh | 3:00pm |
Complántas: | An tSnáthaid Mhór |