Dáta: Céad 4 Noll 2019 |
Am: 7:00pm |
Costas: £5.00 (ag an doras) |
Is bliain thábhachtach í seo agus muid ag ceiliúradh cothrom caoga bliain ón ghníomh chinniúnach sin nuair a bhunaigh baicle de Ghaeil fhorásacha Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Chuige sin, beidh oíche shiamsaíochta den chéad scoth againn le hamhránaíocht, scéalaíocht agus ceol ó mhuintir Ghaelphobal Feirste lena n-áirítear Beirt Píobairí; Beirt Scéalaithe, Gearóid Mac Lochlainn, Milène Fegan, Edel Ní Churraoin, Kathryn Ní Mhaoláin, Méadhbh Nic Aindreasa agus neart eile. Fáilte roimh rannpháirtithe eile ar an oíche: beir leat uirlis, scéal nó eile.
Caoimhe Ní Chathail: Is gníomhaí teanga, amhránaí agus scríbhneoir amhrán í Caoimhe de bhunadh Bhéal Feirste. Cuireann Caoimhe 'Ceol' Ní Chathail tús spleodrach leis an deireadh seachtaine ar BBC Gaeilge le ceol traidisiúnta,sonraí gigeanna agus seisiúin bheo iontacha.
Am Tosaigh | 7:00pm |