What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Sath 28 MFómh 2019
Dáta: 2 Sath 7 Noll 2019
Am: 1:00pm - 3:00pm
Costas: £50.00 an páiste, £90.00 do bheirt & £120.00 do thriúr nó níos mó ón aon teaghlach amháin

Beidh scoil drámaíochta na Cultúrlainne 'Aisling Óg' ag toiseacht ar ais an 28 Meán Fómhair ó 1:00pm - 3:00pm. Seo deis iontach do pháistí óga ó Rang 1 ar aghaidh le tógáil ar a scileanna muiníne, cumarsáide agus aisteoireachta chomh maith le spraoi a bheith acu agus bualadh le cairde nua. Déanann muid gach gné de na healaíona a thaiscéaladh, damhsa, ealaín, ceol agus drámaíocht ina measc, le clár spreagúil bríomhar a chomhlíonadh. Bíonn seó againn ag deireadh an téarma lenár gcuid obair chrua a thaispeáint.