What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 6 Meith 2019
Dáta: 2 Sath 27 Iúil 2019
Am: Gnáth-amanna oscailte
Costas: Saor in aisce

Seoladh taispeántais: 06/06/2019 ag 7:00pm.

Focal ón ealaíontóir:

 

“Tá cleachtadh s’agamsa dírithe ar mhná na hÉireann, ar an bhanúlacht agus ar an chultúr Ghaelach. Tá mé ag díriú faoi láthair ar ábhar Neachtlanna Mhaigdiléana agus ar fhinscéalta na mban sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na hÉireann. Phléigh mé scéalta na neachtlann fríd an phortráidíocht ola, agus inspioráid is treoir shuntasach faighte agam ó ghrianghraif Julia Margaret Cameron mar aon le péintéireacht Jack Butler Yeats. Is ábhar trom mallaithe é i stair na hÉireann an t-ábhar atá faoi chaibidil agam agus is léiriú é ar mhná na hÉireann san am a chuaigh thart agus sa mhiotaseolaíocht. Bhí Deichtine, máthair Chú Chulainn, ar dhuine de na mná i miotaseolaíocht na hÉireann agus bhí sí ar an chéad bhean le ginmhilleadh bheith aici. Tá a scéalsa ábhartha maidir le cás mhná Neachtlanna Mhaigdiléana. Tá a scéal léirithe agam i dtrí cinn de na pictiúir seo agus tá sé mar rún agam coinneáil orm a thabhairt gutha agus féiniúlachta di agus do mhná eile na hÉireann atá faoi chois.”