What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 4 Iúil 2019
Dáta: 2 Déar 1 Lún 2019
Am: Gnáth-amanna oscailte
Costas: Saor in aisce

Seoladh taispeántais: 04/07/2019 ag 7:00pm. Fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil.

Peadar McDaid

Is as Leitir Ceanainn do Pheadar atá ag cruthú obair ealaíne le corradh agus 30 bliain. D’fhág sé an scoil go luath agus tá sé féinoilte, rud atá de ghnáth go maith d’aon ealaíontóir atá ag iarraidh a dteanga físe féin a fhorbairt. Chuir sé tús lena chleachtas ealaíne mar dhearthóir grafaicí, rud a chuir i dtreo na ‘healaíne Ceiltí’ é – cosúil le Jim Fitzpatrick. Siocair go raibh croí mór maith aige, Nuair a chonaic sé go raibh bearna shuntasach ann maidir le soláthar seirbhísí meabhairshláinte, thug Peadar faoi ‘Create-a-link’ a bhunú i Leitir Ceanainn. Cuireann an clár ealaíne iontach seo spásanna, teagasc ealaíne agus tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag fáil bhisigh ó thinneas meabhairshláinte. Faigheann sé seo tacaíocht agus maoiniú ón FSS. Sna chéad bhlianta den togra seo, bhí Peadar ábalta freastal ar an choláiste réigiúnach i Léim an Mhadaidh agus staidéar a dhéanamh ar an ealaín ar feadh roinnt blianta.

Sa bhliain 2017, rinne Peadar 241km thart ar an chontae uilig ar mhaithe le haird a tharraingt ar sholáthar seirbhísí meabhairshláinte i nDún na nGall – agus is cosúil gur tharla míorúilt bheag! Pheadair am a ghlacadh le hamharc ‘ar’ an tírdhreach, le hamharc air i ndáiríre, agus bhí tionchar láidir aige seo ar a chuid oibre.

Tá a chuid ealaíne éasca, deimhneach agus cumhachtach. Ní bhíonn Peadar ag dréim le léiriú réalaíoch a thabhairt siocair go mbaineann a chuid tírdhreach le ‘croí na háite’ –  baineann siad le heiseamláirí a léiríonn smior na háite. Dá bhrí sin, tá a chleachtas bunaithe ar bhreathnú, ar ionsú agus ar léirmhíniú. Ansin, oibrítear an comhshamhlú seo ar a chuid dromchlaí de réir mar a théann an t-ealaíontóir ar aghaidh lena aistear leis an phéint. Ní hiontas ar bith é go bhfuair Peadar McDaid Duais Derek Hill ó Ghailearaí Gléibe anuraidh.

Karol Mac Gairbheith

Tháinig Karol ar ais go dtí a áit dúchais i nDún na nGall sa bhliain 2014. Roimhe sin chónaigh sé i Londain, áit a raibh sé ag obair ann mar ailtire. Chruthaigh an t-aistriú seo go leor deiseanna iontacha do Karol. Roimh i bhfad bhí sé mar pháirt den togra ‘Create-a-link’ i Leitir Ceanainn agus thosaigh sé ar an aistear chuig a fhíor-phaisean féin – ’sé sin an ealaín – faoi choimirce Pheadar McDaid. Bhí sé soiléir ón tús go raibh éirim ó nádúr ag Karol agus, ar aon dul le Peadar thuas, tá sé go bunúsach féinoilte. De bhrí go bhfuil súile léirthuisceana an imircigh fhillte aige, ghabh Karol chuige tírdhreach a bhaile féin i nGaoth Dobhair. Péinteálann sé tírdhreacha tuaithe agus ceantair uirbeacha, siocair go bhfuil aithne aige ar an dá thimpeallacht agus go bhfuil meas aige orthu araon; tá sé lonnaithe i nDún na nGall ach bíonn sé ag taisteal ar mhaithe lena shuim sna cathracha a shásamh.

Pléann a shaothar tuaithe le solas an iarthair, leis an talamh gharbh agus leis na tithe agus na foirgnimh atá ann. Curtha le hais a chéile, tá a shaothar uirbeach creathach, gnóthach agus faoi dhaonra. Ghlac Karol chuige féin an dúshlán éagsúlacht meán a úsáid – ola, uiscedhathanna, colláis agus líníocht; agus cruthaíonn an úsáid a bhaineann sé as na meáin dhifriúla seo réimse torthaí. Tá a chuid ealaíne ola láidir daingean, tá na huiscedhathanna éadrom ach ag an am chéanna tá siad beoga, tá a chuid líníochtaí bríomhar agus déanta le marcanna troma láidre agus coimeádtar na colláisí le chéile go hiontach maith le marcanna fuinniúla. Tá sé go mór faoi anáil éiteas phéintéirí ‘Scoil Londan’ a imríonn tionchar mór ar an luach a chuireann sé ar an phéintéireacht.

Is mór an pléisiúr é an fhorbairt ghairmiúil atá tagtha ar chleachtas cruthaitheach Karol a fheiceáil. de réir mar a scrúdaíonn sé agus a chuireann sé eolas ar a theanga fhíse féin. Tá sé torthúil, cíocrach agus go hiomlán tiomanta agus díograiseach maidir lena fhíorghairm.

  • Sonraí Imeachta
    Fad an Imeachta: 04/07/2019 - 01/08/2019 Am Tosaigh Gnáth-amanna oscailte