What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Máirt 15 Ean 2019
Am: 4:00pm
Costas: £4.00 an rana

Is minic a bhíonn tuistí agus caomhnóirí sa tóir ar ranganna Gaeilge ar son a gcuid páistí nach bhfreastalaíonn ar an Ghaelscoil. Seo chugaibh téarma 6 seachtaine dírithe ar pháistí ó scoileanna lán-Bhéarla atá ag iarraidh a dteanga náisiúnta a fhoghlaim. Rang iarscoile atá i gceist agus ceol, craic agus spraoi san áireamh, do thosaitheoirí i Rang 4 - Rang 7.