What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Máirt 8 Ean 2019
Am: 1:00pm
Costas: Saor in aisce

Bígí linn Dé Mháirt 8 Eanáir 2019 ag 1:00pm le ceiliúradh a dhéanamh ar Nollaig na mBan i mBia, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Déantar ceiliúradh ar Nollaig na mBan go bliantúil ar 6 Eanáir.  Traidisiún fad-bhunaithe atá ann atá ag teacht chun tosaigh arís le blianta beaga anuas.  Go traidisiúnta, ar Lá Nollaig na mBan, bhíodh sos agus scíth ag mná a bhí ag obair go dian sa bhaile thar tréimhse na Nollag, ag ullmhú beilte, ag tabhairt aire do pháistí agus ag cur fáilte roimh chuairteoirí. 

Agus muid ag pilleadh ar ais ar obair i ndiaidh féile na Nollag, bíodh tráthnóna amháin eile againn le ceiliúradh a dhéanamh ar an obair atá déanta agus le machnamh a dhéanamh air sin atá le teacht i 2019.  Teacht le chéile neamh-fhoirmeálta a bheidh ann le mná eile atá ina gcónaí nó ag obair sa cheantar le béile a bheidh againn le chéile agus le ceiliúradh a dhéanamh ar Nollaig na mBan. 

Tá spásanna teoranta agus is gá freagra a chur ar ais chuig margaiocht@culturlann.ie le spás a chinntiú ag an ócáid seo.