Dáta: Sath 6 Aib 2019 |
Am: 8:30pm |
Costas: £15.00 |
Agus ‘sárghrúpa ceol traidisiúnta’ tugtha orthu ag na criticeoirí, is iad ZoDoMo an grúpa ceol Gaelach is déanaí a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr orthu le teacht faoin spotsolas. Ina measc tá triúr de cheoltóirí móra na hÉireann: Zoe Conway, atá ar dhuine de na ceoltóirí is ildánaí sa tír is a bhíonn chomh sásta céanna le stíl thraidisiúnta Éireannach agus le stíl chlasaiceach; Dónal Lunny, a bhfuil ardmheas air i bhfad is i gcéin mar gheall ar an ról lárnach a bhí aige in athbheochan an cheoil Ghaelaigh le tríocha bliain anuas; agus Máirtín O’Connor, ceoltóir den scoth a thuill dea-cháil fud fad na cruinne as ildánacht agus nuálaíocht a chuid ceoil.
Am Tosaigh | 8:30pm |