What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 23 Lún 2025
Am: 20:00
Costas: £10

Tá muid ar BÍS leis an fhéile a chur i gcrích mar is ceart le roinnt de na ceoltóirí is úire, is mó agus is uathúla sa ceol Gaeilge. Beidh muid ag cur tús leis an oíche le GROOVELINE, CAOIMHÍN, AMANO agus TORBY mar MC, agus ina dhiaidh sin beidh IARCHÓISIR sa STUDIO ŔUNDA le Ruairí (DJ). Níl ach £10 ar oíche den SCOTH agus tá muid ag tnúth go mór libh a fheiceáil. Tá muid ag súil go ndíolfaí an cheolchoirm seo amach, mar sin de NÁ DÉAN MOILL.

Grooveline
Ceol funk le ionstramú láidir agus teacht i láthair iontach, is iad Grooveline ceann de na bannaí is dinimiciúla agus is spreagúla atá le teacht in Éirinn.
Tagann an fhuaim mhealltach seo le chéile lena bhfuinneamh amh agus pléascach chun “seó beo spreagúil” (HotPress) a chruthú agus leis an gcumas “an slua a chuimsiú i mboilgeog tumtha lánspraoi” (TradFest).

CAOIMHÍN
Léiritheoir, amhránaí agus il-instramaintí ab ea CAOIMHÍN atá ag cruthú fuaim Gaelach úrnua lán le anam, ag cuir le chéile eilimintí ó thraidisiún na hÉireann le seánraí agus coincheapa ailtéarnacha ar nós downtempo, nu-disco, sícideilia agus spioradáltacht bunaithe ar an nádúr.

Amano
Cumadóir, amhránaí, file, agus taibhealaíontóir is ea Amano a bhíonn meascán de bhuillí hip hap, sean-nós, popcheol, ceol turgnamhach agus ceol
leictreonach ina cuid saothair. Baineann sí inspioráid as na tairseacha ag a scarann nó ag a leánn na cultúrtha.

Torby
Mar MC ar an oíche, beidh Torby linn agus cúpla traic á gcasadh aige fosta Le liricí glice, cur i láthair bríomhar agus teacht i láthair mhuiníneach, cuireann
Torby seó iontach ar siúl le meascán de cheol hip-hop éagsúil.

Iarchoiséir
Studio Rúnda le Ruairí (DJ)