What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 8 Beal 2025
Am: 19:00in
Costas: Saor in aisce

Taispeántas Illustrators Ireland

 

D’eascair an coincheap ‘Ag Moladh na Marbh’ as an smaoineamh ‘ardú na marbh’. Shíl muid go mbeadh sé suimiúil a fheiceáil cé hiad na daoine mór le rá i stair na hÉireann a d’fhéadfadh ár maisitheoirí a thabhairt ar ais ó na mairbh agus isteach arís sa domhan. Fágtar an tuiscint maidir le ‘duine stairiúil’ oscailte don ealaíontóir é sin a chur in iúl, ach tá bunbhrí agus carachtar a ndaoine stairiúla léirithe ag gach ealaíontóir. Tá cuid de na portráidí an-réalaíoch ó thaobh cosúlacht fhisiciúil, agus tá cuid acu níos coincheapúla, ach léiríonn gach ceann acu tuiscint an ealaíontóra a chruthaigh an phortráid. Tá ráiteas ón ealaíontóir ag gabháil le gach portráid a thugann an fáth ar roghnaíodh an carachtar sin. Bainigí sult as an dara comhpháirtíocht seo idir ‘Illustrators Ireland’ agus an Chultúrlann; taispeántas spraíúil maidir le ‘maithe agus móruaisle’ na hÉireann thar na blianta.

 

Cur síos ar an eagraíocht

Eagraíocht neamh-bhrabúis is ea ‘Illustrators Ireland’ faoi mhaoirseacht Bhord Stiúrthóirí a thacaíonn le forbairt léiriúcháin in Éirinn trí shaothar ár mball a chur os comhair an phobail agus trí naisc a chothú le heagraíochtaí cosúil linn sa bhaile agus thar lear. Mar eagraíocht phroifisiúnta, tá sé mar aidhm againn próifíl léiriúcháin na hÉireann mar fhoirm ealaíne cheannródaíoch bhríomhar, chomh maith le saothar agus scileanna ár mball aonair a chur chun cinn.