What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 7 Márta 2024
Dáta: 2 Déar 18 Aib 2024
Am: 19:00in
Costas: Saor in aisce

Taispeántas ó Shiobhán O'Callaghan

 

Is ealaíontóir í Siobhán O’Callaghan atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus a fhaigheann spreagadh ó chumas na healaíne le haghaidh scéalaíochta, faisnéise agus tráchtaireachta, agus ó na próisis chruthaitheachta. Díríonn a cuid oibre ar an rud is ceangal ann i bhfoirmeacha éagsúla – eispéiris chomhroinnte, dlúthchaidreamh, an bhaint atá againn lenár dtimpeallacht. Tuigeann sí go gcuidíonn na timpeallachtaí ina mairimid le daoine ciall a bhaint as a muintearas maidir le cúrsaí cultúrtha agus leis an phobal i gcoitinne. Ina cuid saothair, tugtar tús áite do chaidrimh agus don chumarsáid agus don phróiseas ina gcruthaítear iad.

 

Tá an tsraith seo de phictiúir agus de líníochtaí suite in aice le páirceanna CLG – láithreáin chairdis, pobail agus taithí chomhroinnte. Cuimsíonn an saothar caidrimh a tógadh agus a aimsítear taobh istigh de chreat na lúthchleasaíochta agus is ceiliúradh é ar chluichí fisiciúla. Léiríonn O’Callaghan pictiúir de ghlóir, den bhua agus den dlúthchaidreamh atá le fáil i gclubthithe, i seomraí feistis agus ar pháirceanna imeartha. Tríd an saothar tugann an t-ealaíontóir cuireadh don lucht féachana a bheith páirteach in atmaisféar an mhuintearais.

 

Tá suim agam sna bealaí ina dtagann daoine le chéile nó ina dtugtar le chéile iad. Go minic taobh istigh de láithreáin spóirt léiríonn daoine dlúthghaol agus dlúthchaidreamh ar bhealach iomlán oscailte, rud a chíoraim sa chnuasach saothair seo.”

 

Bhain O’Callaghan céim amach ó CNED in 2015 le Céad Onóracha sa Mhínealaín & sa Chultúr Físiúil. Lean sí uirthi ag traenáil ag Acadamh Ealaíne Fhlórans. Áirítear ina cuid taispeántas Alchemical Vessels, 126 Gallery (2023), RHA Annual Exhibition (2021, 2022, 2023), Utopia Dystopia, dlr Lexicon (2019) agus Caoláit, Burren College of Art (2019). Faigheann sí tacaíocht dá cuid saothair ón Chomhairle Ealaíon agus ó dlr Arts.