What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 16 Samh 2023
Dáta: 2 Déar 11 Ean 2024
Am: 19:00

Taispeántas is ea ‘Cuimhne Ag Éalú Go Mall agus An Grá agus An Cumha’ de shaothair tharraingthe leis an ealaíontóir Conor Wickham.

Is speiceas de chuid na Meánmhara é an Achillea maritima, nó Cluasach Mhara, atá beagnach díothaithe anseo in Éirinn. Chaithfeá taisteal go cósta thiar na Fraince chun teacht ar an phlanda shoithíoch seo den chéad uair eile. Tá an Saxifraga nivalis, ar a dtugtar an Saxifraga Alpach de ghnáth, le fáil sna réigiúin shléibhtiúla is airde i bhformhór na dtíortha impholacha. Ní mó ná go maireann sé fós beo ar aill aolchloiche i gCo. Shligigh.

De réir Liosta Dearg na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, den 1,211 planda soithíoch in Éirinn, tá 184 rangaithe mar phlandaí atá i mbaol a ndíothaithe nó atá leochaileach agus meastar 20 a bheith i mbaol criticiúil. Le bheith ar liosta na bplandaí atá i mbaol criticiúil, ní mór go mbeadh laghdú 80% (ó bhí 1988 ann) ar an raon plandaí agus níos lú ná 50 acu fágtha. Is eol dúinn uilig na cúiseanna atá taobh thiar dá stádas. Gnáthóga ag dul i laghad, úsáid amhrasach á baint as modhanna saothrú talaimh agus feirmeoireachta agus athrú aeráide. Is í áilleacht dhothuigthe na bplandaí seo agus a gcuid scéalta suimiúla a d’fhéach mé le doiciméadú tríd an líníocht. Is taifead iad na líníochtaí dá dteacht i dtír ar an oileán seo.

Déanann an tsraith nua oibre seo doiciméadú ar an 20 speiceas de na plandaí soithíocha seo atá i mbaol criticiúil. Is staidéir mhonacrómacha iad na píosaí a úsáideann dúch ar chanbhás neamh-phrímeáilte. Tá plandaí i ngach ceann de na cúig líníocht atá fite go dlúth le chéile chun comhdhéanamh ar leith a chruthú. Is léirithe réadúla agus athléirithe cruthaitheacha iad na líníochtaí. Cruthaítear an saothar gan aon insint shoiléir, tá an próiseas frithghníomhach, gan aon ord ar leith i bhfeidhm, spreagann gach marc an chéad cheann eile.