What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 2 Noll 2023
Am: 12pm / 2pm
Costas: £3/£5

Tá an déantóir bábóg/bréagán bocht ina haonar sa bhaile Oíche Nollag. Fuair sí litir cheana féin go luath san Earrach ó Dhaidí na Nollag le rá nach mbeadh an oiread bréagán óna ceardlann de dhíth air agus a bhíodh de ghnáth. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, tá teachtaireacht faighte aici óna tiarna talaimh ag bagairt go gcuirfear amach as a teach í. Is é an t-aon chara atá aici ná seanteidí a bhfuil grá aici dó.

Ar bhuille an mheán oíche buailtear cnag ar an doras agus tagann strainséir isteach. Tá sé iontach trína chéile agus giota beag gioblach ach dar léi gur duine maith é agus tugann sí cuireadh dó a scíth a dhéanamh ar an tolg. I lár na hoíche tarlaíonn rud iontach aisteach sa cheardlann – tagann beocht sna bréagáin uilig, aithníonn siad an fear atá ina chodladh ar an tolg mar chonaic siad ar an teilifís é agus tosaíonn siad a chur ceisteanna air faoi cé hé agus faoin dóigh a dtáinig sé anseo. Sa deireadh imíonn a mhearbhall agus cuimhníonn sé cé hé – is é Uachtarán Bhanc Mhín an Chladaigh é!!

Idir an dá linn tá an Déantóir Bréagán amuigh sa chomharsanacht ag dáileadh bréagán ar na páistí áitiúla. Nuair a thagann sí ar ais chuig an cheardlann tá an fear ina sheasamh in aice le crann Nollag álainn, tá dinnéar na Nollag ar an tábla agus tá tine ag dó ar an teallach! Míníonn an strainséir cé hé féin, gabhann sé buíochas léi as a cineáltas agus déanann sé tairiscint di a comhlacht bréagán a cheannach ar shuim bhreá!

Bígí ag cleachtadh bhur gcuid carúil Nollag – beidh oraibh canadh in ard bhur gcinn!!