What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Sath 4 Márta 2023
Dáta: 2 Domh 5 Márta 2023
Am: 2:00pm | 4:00pm
Costas: £10

Léiríonn Young at Art, Féile na bPáistí Bhéal Feirste

Cá rachaidh tú nuair nach bhfuil aon áit le dul? Sa siopa beag rothar ag tóin an bhaile, tá saol lán d’eachtraíocht i ndán duit Téann beirt bhuachaillí agus a rothair ag taisteal ar fud an domhain sa léiriú seo a spreagann spraoi as an ghnáthshaol – níl aon teorainn lenar féidir a tharlú. Déanann an léiriú spleodrach seo, cruthaithe ag ‘Téatar do Pháistí’ le Branar agus curtha ar stáitse ag Miquel Barceló agus Moisés Mas García, ceiliúradh ar chumhacht na samhlaíochta. Léirítear Rothar i gcomhpháirt le Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe agus Baboró - Féile Idirnáisiúnta Ealaíon do Pháistí, mar chuid de Thionscnamh Mapála na hEorpa Cruthaithí.

 

Clár iomlán anseo