What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 24 Feabh 2023
Am: 7:30pm
Costas: £15

24|02|23 7:30pm £15 BYO

Siblíní a rugadh do chlann cheolmhar ar shráidbhaile An Aird Mhór i gceantar Gaeltachta Chonamara, Contae na Gaillimhe, is iad Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta. Chuaigh léiriú s’acu den chaoineadh corraitheach, Anach Cuain, ar an Late Late Show go mór i bhfeidhm ar spiorad an náisiúin agus tharraing sé aird nach beag fud fad an domhain. Tá Séamus agus Caoimhe aitheanta as a n-amhránaíocht ar an tseannós agus a leaganacha éagsúla d’amhráin Ghaeilge agus Bhéarla araon agus cuireann said spéis faoi leith i leaganacha gutha agus comhcheoil atá maisithe ag toin ghutha shonracha nach mbíonn le fáil ach taobh istigh den teaghlach. Is ionstraimithe cumasacha iad, is damhsóirí gaelacha iad agus is seinnteoirí iad a bhfuil duaiseanna uile-Éreann bainte acu. Tá an Ghaeilge agus a n-oidhreacht ag croílár a n-éachtaí ceoil. 

Is ionstraimí ildánach agus amhránaí de bhunadh Mhacha Reatha i gContae Dhoire é Jack Warnock. Le linn a ghairme, chuaigh Jack chun ardáin ina aonar, mar thionlacaí agus i ngrúpaí ar nós TRODA, Cóiriú agus The Doc Flock. Sheinn sé ag imeachtaí, ag féilte agus ag ionaid fud fad an domhain. Le blianta beaga anuas, ainmníodh Jack don ghradam iomráiteach BBC Young Folk Award, bhuaigh sé Gradam Tionlacain Sinsir ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus bronnadh air an gradam Young Musician’s Platform de chuid na Comhairle Ealaíne agus an BBC. Tá naoi mbliana imithe ó eisíodh chéad EP agus is fíor a rá gur fada linn ag fanacht lena chéad albam ‘Le Solas Faoithine’, arna léiriú ag Dónal O’Connor. Tá ‘Le Solas Faoithine’ mar thoradh ar nósanna nua cruthaithe a d’eascair as an dianghlasáil. I ndiaidh laethanta fada de bheith ag stánadh ar scáileán, théadh Jack amach a shiúl, gan teip, le hamharc ar imeacht an tsolais i Lár-Uladh. Faoi anáil a thimpeallachta, le clapsholas, chuirfeadh Jack tús le lá nua oibre agus é tumtha san obair chruthaitheach go mall fríd an oíche. Is as seo a d’fhás ‘Le Solas Faoithine’. Ní nach ionadh, is albam lán smaointe agus machnaimh é atá curtha le chéile go galánta.