What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 28 Aib 2022
Am: 19:00
Costas: Saorchead

Bailiúchán saothar roghnaithe atá in Ionadú ina ndéantar machnamh ar agus a dtaifeadtar na hathruithe sóisialta agus déimeagrafacha i gceantair thuaithe na hÉireann. Déanann an t-ealaíontóir iniúchadh ar ‘áit’ mar théama - talamh, baile, suíomh, ionaid agus ionadú. Tá daoine ag cur fúthu sa tír seo le níos mó ná 10,000 bliain. Déantar athrú agus dul chun cinn ar úsáid na talún mar a thagann athrú agus forbairt ar an tsochaí. Tagann daoine agus imíonn daoine agus fágann siad comharthaí pearsanta, stairiúla agus cultúrtha ar an tírdhreach sa timpeallacht nádúrtha agus sa timpeallacht thógtha, - a chuireann leis an athrú ó bhonn ar léarscáil dhomhain na talún. In Ionadú déantar iarracht na síor-athruithe in aistriú tuaithe na hÉireann a mhapáil agus a thaifeadadh.

Maidir le Pamela de Brí

Is ealaíontóir í Pamela de Brí a oibríonn i meáin éagsúla mar atá, déanamh priontaí, péinteáil, grianghrafadóireacht agus físeán. Ina cuid oibre, téann sí i ngleic leis na hathruithe ar thírdhreach sóisialta agus ar thírdhreach comhshaoil na hÉireann agus déanann iniúchadh orthu. Díríonn sí ar ghné ar leith den tsochaí, déanann sí taighde air, téann sí i dteagmháil le daoine, cuireann sí eolas ar na suíomhanna agus bailíonn sí doiciméid a spreagann an saothar ealaíne a leanann as.

In 2013, lean sí, ar rothar, seanghréasán iarnróid a chuaigh fud fad na hÉireann. Taispeánadh an saothar a tháinig as Midland - Lár Tíre in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann. Roghnaíodh a cuid oibre déanta priontaí le haghaidh taispeántais ar fud an domhain. In 2018, roghnaíodh í chun a cuid priontaí a thaispeáint ag ‘Impact 10 Encuentro’ sa Spáinn. Chruthaigh sí dhá mhórthionscadal camchuairte: "Le Chéile Print Project" (2008-2011) agus "Little Stories Little Prints", le haghaidh Chuimhneachán 1916.In 2020, chuir sí mórthionscadal ealaíne poiblí i gcrích do Bus Átha Cliath agus in 2021 suiteáladh “Midland-Lár Tíre” go buan i Stáisiún Iarnróid Bhaile Átha Luain.