What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 30 Aib 2022
Am: 20:00
Costas: £5 - BYO

Ceannródaí reatha i saol an cheoil thraidisiúnta é Kevin Meehan as Baile Átha Cliath. Níl sé ach sna fichidí luatha ach tá sé ina mháistir cheana féin ar an fheadóg stáin agus  tugann sé an uirlis chomh fada agus is féidir leis i dtreo úrnua.

Tá an domhan siúlta ag Kevin ar a chamchuairt cheoil agus is minic é ar an ardán le Gráinne Holland, ceoltóir iomráiteach as Béal Feirste. Sheinn sé ar ardáin i leithéidí Mheicsiceo, na Liobáine, na Siombáibe, na Cipire, Thaihítí agus na Rúise. I Lúnasa 2019, bhí sé d'onóir ag Kevin a bheith ag seinm in éineacht lena bhuíon féin, Tróda, ag leath ama chluichí ceannais iománaíochta na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. I mí na Samhna, bhí Kevin ag seinm i gcuideachta Jack Warnock ar Other Voices nDaingean Uí Chúis, féile a bhfuil an-tarraingt uirthi.

Is ar na mallaibh a d'eisigh Kevin an chéad albam aige dar teideal ‘Spanish Point’ ar a bhfuil meascán iontach de phoirt thraidisiúnta de chuid na hAlban agus píosaí nuachumtha arna spreagadh ag áiteanna iontacha in Éirinn. Meitheal 16 cheoltóir atá mar aíonna an albaim as gach cearn d'Éirinn agus as Albain agus an Nua-Shéalainn. Alex Borwick a thaifead agus é féin agus Kevin agus Shane McCartan a stiúir, thar thréimhse ceithre bliana.

Ceol beoga na hÉireann agus na hAlban an spreagthach d'albam Kevin. Seasfaidh ardchaighdeán ‘Spanish Point’ mar chéad albam do Kevin go ceann na mblianta fada. Is iomaí lucht éisteachta abhus in Éirinn agus thar sáile a thit faoi dhraíocht cheol Kevin agus is mithid dó anois a ghairmréim féin a sheoladh leis an albam úr seo aige.

"One feels carried away with this exquisite collaboration of sound"

- The Irish Music Magazine

 

"Skillfully weaving traditional and contemporary sounds with technical brilliance, Kevin Meehan's music sparkles with pure joy"

- Muireann Nic Amhlaoibh

 

"Widely recognised as one of the best whistle players in Ireland"

- Conor Caldwell, The Duncairn Arts Centre