Dáta: Domh 17 Iúil 2022 |
Am: 12:00 |
Costas: Saorchead |
Bí linn don cheardlann speisialta chruitireachta seo le Cormac de Barra
Is cruitire den tríú glúin é Cormac de Barra ó theaghlach de cheoltóirí agus d’amhránaithe traidisiúnta na hÉireann. Ar dtús rinne sé staidéar lena sheanmháthair Róisín Ní Shé i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé ar aghaidh le staidéar a dhéanamh ar an chláirseach cheolchoirme i SAM. Thaifead sé agus sheinn sé le ceoltóirí amhail Anne-Marie O’Farrell, Máire Breatnach, Moya Brennan, Julie Feeney agus Hazel blianta agus chuir sé na sraitheanna ceoil traidisiúnta Flosc agus Imeall, a bhfuil gradaim bainte acu, i láthair do TG4.