What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 3 Feabh 2022
Am: 7:00pm
Costas: Saorchead

Seoladh ar Thaispeántas Nua

Tá lúcháir ar Eimear Nc Roibeaird a céad taispeántas aonarach a léiriú i nDánlann Gerard Dillon dar teideal An Chéad Bhean | The First Woman. Insíonn An Chéad Bhean scéal bhantracht na hÉireann tríd an phéintéireacht agus saothar scríofa bunaithe ar phearsa na Caillí. Tagann an Chailleach aníos i saíocht agus oidhreacht na hÉireann. Is carachtar í an Chailleach atá bunaithe ar íomhánna urchóideacha a bhfuil cúmhacht dhochreidte acu nach raibh faoi smacht an Naisiúnachais ná na Críostaíochta. Sa taispeántas seo, léireofar í mar Aoife “damanta,” Ceasair dána, Mór-Ríoghain scáfar agus Sadhbh ghaisciúil. Ag sníomh na finscéalaíochta agus na réadúlachta, is saothar meallacach é an taispeántas scéalaíochta seo atá á fhorbairt ag Eimear le 18 mí anuas. Tá sí faoi anáil a hoidhreachta agus a cultúir Ghaelaigh mar aon leis na scéalta miotaseolaíochta lenar tógadh í agus a taithí mar bhean Éireannach i gcoitinne.