Dáta: Déar 5 Beal 2022 |
Am: 7:00pm |
Costas: Saorchead |
Seoladh: 05|05|22 @ 7pm Cuirfear soláistí ar fáil
Corraíolacha
Taispeántas le Euan Gébler
Tá lúchair ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ‘Corraíolachq’, céad taispeántas aonair Euan Gébler a chur i láthair i nDánlann Dillon. Bronnadh an taispeántas seo ar Euan mar chuid de Ghradam Céimí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 2021.
Is taispeántas é ‘Corraíolacha’ a chuimsíonn grianghrafadóireacht agus dealbhóireacht agus a chíorann an nasc idir an cultúr agus an tírdhreach. Scrúdaíonn sé an teorainn éiginnte idir an domhan nádúrtha agus an domhan saorga.
“Trí ghrianghrafadóireacht agus dealbhóireacht a úsáid, bhí mé ag iarraidh imscrúdú a dhéanamh ar an dóigh a bhfágann athrú fisiciúil ar an domhan athrú siombalach air chomh maith. Athraítear muid féin de réir mar a athraíonn an gaol atá againn leis an domhan thart orainn. Croí-ábhar an taispeántais iad suíomhanna cairéalachta tionsclaíochta. Léiríonn na suíomhanna seo, ar an scála is mó agus is suntasaí, an gaol siombóiseach idir daoine agus an timpeallacht. Téann saintréithe an tírdhreacha áitiúil agus na tíreolaíochta áitiúla i bhfeidhm ar thionscal agus ar chultúr na háite sin – agus ansin, de réir sin, déantar an tírdhreach a athmhúnlú agus éiríonn sé ina léiriú ar an chultúr agus ar an phobal sin.”
Thug Euan cuairt ar líon suíomhanna ina raibh nasc daonna leis an tírdhreach, lena n-áirítear cairéil, monarchana, feirmeacha adhmad agus láithreáin líonta talaimh.
“Teanga radhairc na n-áiteanna neamhghnácha agus, in amanna, coimhíocha seo, léiríonn sí, ní hamháin ár ngaol leis an tírdhreach, ach leis an am a chuaigh thart agus leis an am atá le teacht. Nuair a chorraíonn muid tírdhreacha, a cruthaíodh le linn tréimhse ollmhór geolaíochta, caithfear an cheist a chur: Cad é mar atá muid ag múnlú an ghaoil atá againn leis an tréimhse ama ina bhfuil muid beo agus ár ról ann? Cad é a dhéanann muid leis an domhan a fhágfaidh muidinne le huacht inár ndiaidh agus cén cinéal domhain a chuireann muid ar aghaidh?”
Is ealaíontóir é Euan Gébler atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bhain sé céim BA amach sa Mhínealaín i Scoil na hEalaíne, Béal Feirste in 2021. Cuireadh ar fhadliosta do ghradaim an CRBÁC as ucht a shaothair chéime.