Dáta: Aoine 12 Márta 2021 |
Am: 7:00pm |
Costas: Saorchead |
An chéad léiriú de ghearrscannán il-ealaíne ó scríbhneoir Máire Zepf, damhsóir Clara Kerr agus stiúrthóir Jo Guthrie.
Radharc úr ar an dearcadh a bhíonn ag mná i leith a gcorp féin ag amanna éagsúla dá saol, chomh maith le ceiliúradh ar an áilleacht os cuimse a bhaineann le neart agus mianach na mban.
I nGaeilge le fotheidil.
Ar mhaith leat fáil amach cad é mar a dhéantar scannán il-ealaíne (i rith paindéime)? Bí linn nuair a thagann an ceathrar ban taobh thiar den scannán ‘Spéirbhean’ le chéile d’imeacht speisialta ina labhraíonn siad faoin spreagadh, na dúshláin agus an próiseas cruthaitheach a bhain leis an chomhoibriú seo. Beidh Clara Kerr, Jo Guthrie, Máire Zepf agus Aisling McElroy ag comhrá le chéile faoin eispéireas (i nGaeilge agus i mBéarla) agus ag freagairt bhur gceisteanna.
13/03/21
11am
Zoom
Cláráigh fríd an nasc ticéid thuasluaite