What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 1 Aib 2021
Am: 7:00pm
Costas: Saorchead

Seolann Emma Berkery, ealaíontóir cónaithe Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, a saothar úrnua a chruthaigh sí anseo sa Chultúrlann.

Agus í tumtha i saol agus i dteanga an fhoirgnimh, chruthaigh an t-ealaíontóir saothar ilmheánach mar léiriú ar a taithí le linn na tréimhse seo. Áirítear sa tsaothar seo pictiúir theibí agus priontaí scáileáin théacsbhunaithe. Cruthaíodh go leor de na pictiúir le pailéad teoranta a chuireann spásanna fisiciúla agus síceolaíochta i gcuimhne agus cuireann sé sin leis an dúshlán a chuirtear roimh an ealaíontóir agus roimh an lucht féachána i gcoitinne.

Cruthaíodh ‘Sáite i Macallaí’ le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.