Dáta: Sath 27 Feabh 2021 |
Am: 11:00am-12:00pm |
Costas: Saor in aisce |
Le dul in éineacht lena taispeántas fíorúil Aesthetic Distance, éascaíonn Vera ceardlann phoiblí ar líne ina gcruthófar píosa saothair nua. Agus í ag díriú ar chumhacht teanga an iarraidh seo, tugann an t-ealaíontóir cuireadh do dhaoine píosa scríbhneoireachta cruthaitheach a chumadh mar fhreagairt ar a saothar.
Taithí – smaoineamh – mothúchán – samhlaíocht, cibé cineál d’fhéinléiriú a spreagann taispeántas Ryklova, iarrtar ar na rannpháirtithe é seo a léiriú trí focail. Athróidh Ryklova an t-ábhar seo go rud iomlán nua a chuirfear i láthair ar shuíomh na Cultúrlainne, agus luafar ainm gach scríbhneora.
Seolfar an seisiún seo ar Zoom, mairfidh sé uair a chloig, ar a mhéad, agus beidh sé teoranta do 11 duine. Tá roinnt eolais ar an scríbhneoireacht chruthaitheach riachtanach.
Ní mór do na rannpháirtithe a chinntiú go bhfuil fáil acu ar Zoom. Tá feidhm físe inmhianaithe.
Beidh an cheardlann seo i mBéarla.