What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 30 Aib 2022
Am:

I bhfómhar na bliana 2021, beidh muid ag comóradh 30 bliain ó bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, eagraíocht cheannródaíoch i bhforbairt chultúrtha agus forbairt na Gaeilge i gceann de na ceantair is díothaí go sóisialta agus go heacnamaíoch i mBéal Feirste.

Le linn an tionscadail dhá bhliain seo, a bheidh ar siúl ó 2020-22, táimid ag tabhairt faoi thaighde agus plé maidir leis an oidhreacht uathúil agus an stair bhunathraithe a bhaineann leis An Chultúrlann in Iarthar Bhéal Feirste, ag obair go sonrach leis na daoine a chónaíonn agus a oibríonn in aice láimhe. Tá clár imeachtaí speisialta curtha le chéile againn, lena n-áirítear taispeántais amharc-ealaíne agus ghrianghrafadóireachta, léachtaí, gníomhaíochtaí oideachais agus ealaíne do leanaí, taispeántas idirghníomhach, tionscadal stair béil agus ceolchoirmeacha.

Chomh maith le bheith ina hionad ealaíon, cultúir, oidhreachta agus Gaeilge, tá An Chultúrlann mar a bheadh gorlann ann ó bhí 1991 ann do go leor eagraíochtaí rathúla. I measc na ngrúpaí a thosaigh amach faoi aon scraith linn bhí Raidió Fáilte, Féile an Phobail, Aisling Ghéar, Comhairle na Gaelscolaíochta, Coláiste Feirste agus Lá a ndearnadh eagraíochtaí rathúla neamhspleácha, bláfara díobh a spreagann, a theagascann agus a fhostaíonn daoine ó gach gné den saol. Breathnaíonn an tionscadal seo ar a dtionchar agus ar fhís ár mbunaitheoirí, a raibh go leor dúshlán rompu le linn tréimhsí an-chorraitheach in Iarthar Bhéal Feirste.