What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 5 Noll 2020
Am: 11:00am

Beidh scéalaíocht, scléip agus spraoi na Nollag ann le Máire Zepf. Ná caill amach ar an am scéalaíochta iontach seo.

Bhí Máire Zepf ar an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Phaistí i dtuaisceart na tíre agus í lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney ag QUB (2017-19). Tá leabhar déag do pháistí scríofa ag an údar as Contae an Dúin, leabhair phictiúr agus úrscéal d’aosaigh óga ina measc. Tá gradaim buaite ag Máire lena n-áirítear dhá Ghradam Leabhair Pháistí ó Chumann Litríochta na hÉireann (2017 & 2019), Gradam Onóir IBBY (2018) agus dhá Ghradam Oireachtais d’Fhicsean (2016 & 2018). Rinneadh leabhair s’aici a aistriú go seacht dteanga fud fad an domhain. Is mór le Máire ceardlanna a chruthú agus comhoibriú agus comhcheilg a dhéanamh in go leor seánraí agus in go leor foirmeacha ealaíne. Tá rún daingean aici páistí a spreagadh dul i mbun pinn agus a scéalta féin a insint. Scríobhann sí i nGaeilge agus i mBéarla.

Facebook: AnChulturlann

YouTube: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich