Dáta: Aoine 26 Meith 2020 |
Am: 12.00pm |
Is iontach an scéal go bhfuil Muireann agus An Dianghlasáil anois ar fáil agus tá muid ar bís le comórtas galánta a fhógairt. Féach thíos treoracha agus rialacha an chomórtais.
Déan an leabhar a íoslódáil agus roghnaigh leathanach le dathú. Tá an leabhar ar fáil anseo:
Más rud nach bhfuil printéir agat, is féidir leat do Mhuireann féin a tharraingt agus a dhathú.
Glac grianghraf de do phictiúr (ar ghuthán póca nó ar ipad srl )agus seol isteach chugainn é.
Ní mór d’ainm agus d’aois a chur le d’iontráil.
Caithfear an pictiúr a bheith faighte againn faoin spriocdháta, 26ú Meitheamh 2020 @ 12:00 meán lae.
Is iad Máire Zepf agus Andrew Whitson moltóirí an chomórtais
Seasfaidh gach rogha agus cinneadh a dhéanfaidh na moltóirí agus níl cead aon teagmháil ná cumarsáid a dhéanamh leo maidir lena gcinntí.
Foilseofar ainmneacha na mbuaiteoirí ar shuíomhanna gréasáin na Snáthaide Móire agus Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ar na meáin shóisialta.
Má chuirtear isteach iontráil, glacfar leis go nglacann an t-iarrthóir le rialacha agus le coinníollacha an chomórtais agus go bhfuil sé/sí sásta na hiontrálacha bheith uaslódáilte go Facebook.
Ní mór iontrálacha a chur le ríomhphost chuig:
An tSnáthaid Mhór: muireanncomp@gmail.com
faoi 26ú Meitheamh 2020 @ 12:00 meán lae.
Ádh mór agus bain sult!